Failte Go Cairde Uí Néill

Is carthanas é Cairde Uí Néill agus is iad príomhaidhmeanna an ghrúpa an Gaeloideachas, an Ghaeilge, agus an tSláinte a chur chun cinn agus a chaomhnú trí mheán na Gaeilge i measc an phobail i nDeisceart Thír Eoghain, beag beann ar aois, gnéas, cine, dearcadh polaitíochta, creideamh nó cumas. Ina theannta sin, tá sé mar chuspóir againn feasacht a fhorbairt i measc an phobail maidir leis na healaíona, ceardaíocht, traidisiúin, béaloideas, ceol, stair agus oidhreacht an cheantair ina maireann muid.