Tráth na gCeist Dhátheangach - 16/03/2015 ag 9pm - Bilingual Quiz

Tráth na gCeist Dhátheangach - Bígí linn ar Oíche Fhéil' Pádraig (16ú Márta 2015) ag 9i.n. sa Teach Tábhairne Mhuileann na Cúirte in Oiléan an Ghuail le bhur bpáirt a ghlacadh sa Quiz Mór Sheachtain na Gaeilge.  Léifear na ceisteanna amach i nGaeilge agus i mBéarla ar dhóigh go bhfuil sé fóirstéanach do gach duine a bhfuil suim acu inár dteanga dúchais.  Cuirfear duaiseanna deasa ar fáil do na buaiteoirí  agus beidh a lán ndeiseanna le duaiseanna spotaí  a bhaint i rith na hoíche. Ina theannta sin, soláthrófar stobhach gaelach d'achan rannpháirtí. Tógfar bailiúchán ar son na Béilí Mhuire. Bígí fial leis le bhur dtoil. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh uilig!

Bilingual Quiz - Join us on St Patricks Eve (16 March 2015) at 9pm in the Millcourt Bar & Restaurant in Coalisland for to take your part in the Big Irish language week Quiz. Questions will be read out in Irish and in English so that it is suitable for anybody who has an interest in our native language. Nice prizes will be provided for the winners and there will be plenty of opportunities to win spot prizes during the night. Along with that, Irish Stew will be provided for every participant. A collection will be taken for Mary's Meals. Please be generous. Blessings of the Feast of St Patrick on you all!

Siúil - Sliabh Feá, Contae Lú

PJ agus Ann ar bharr Shliabh Feá. Tá siad ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ag ranganna de chuid Chairde Uí Néill faoi láthair.

PJ and Ann on the summit of Slieve Foye. They are currently studying Irish at the Cairde Uí Néill classes.

Sliabh Feá, Cairlinn 21/02/2015 - Chaith muid lá ar dóigh ag dreapadóireacht ar Shliabh Feá i gCairlinn. Tháining Cairde Uí Néill agus Cairde Teo le chéile faoi scáth Chumainn Chnocadóireachta Siúil. Bhí Éamann Laobhan Ó Flannagáin ina threoraí againn agus bhain achan duine taitneamh gan teorainn as an lá. Bhí radharcanna ann a bheadh deacair le sarú áit ar bith eile in Éirinn. 

Slieve Foye, Carlingford 21/02/2015 - We spent a brilliant day hiking on Slieve Foye in Carlingford. Cairde Uí Néill and Cairde Teo from Armagh came together under the umbrella of the Siúil Hillwalking club. Eamonn Flannagan was our guide and everyone enjoyed the day immensely. The views there would be hard to surpass in any place in Ireland.