Cairde Uí Néill

Teanga Bheo, Pobal Beo
  • Gaeilge
    • Blog
    • Fúinn
    • Gailearaí
    • Feis 2025
  • English
    • Gallery
    • About Us
    • Feis 2020
    • Blog
    • Blog
    • Fúinn
    • Gailearaí
    • Feis 2025
    • Gallery
    • About Us
    • Feis 2020
    • Blog

Blog

  • Blog
  • Fúinn
  • Gailearaí
  • Feis 2025
  • All
  • Events

An Phicnic Mór - Big Family Picnic

Damian O Neill May 14, 2015

Beidh Picnic na Bealtaine a eagrú ag Glór na nGael ar an Domhnach beag seo, an 17ú Bealtaine, ag an Charn in aice le Sleacht Néill i Machaire Rátha. Cuirfear tús leis ag 12.00 meánlae & críochnóidh sé faoin trí. I gcás drochaimsire beidh imeachtaí a reáchtáil taobh istigh, ach má tá an aimsir go breá beidh siúlóid treoraithe, turas ar an bhfeirm & léir mór eile taobh amuigh.

Is imeacht Ghaeilge atá ann, agus mar sin beidh gach rud a reáchtáil trí Ghaeilge. Iarrtar ar theaghlaigh a bpicnic féin & blaincéid a thabhairt leo.

Fíor fáilte roimh chách. Costas £2 an duine air.

B'fhearr linn da mbeadh teaghlaigh cláraithe roimh ré, agus is féidir é sin a dhéanamh trí scairt a chur ar Caitríona i gGlór na nGael 00353 (0)83 448 1999 nó ar Joe sa Charn ag 028 7954 9978

Glór na nGaels May Picnic takes place this Sunday 17ú May at An Carn beside Slaughtneil in Maghera. It will begin at 12.00 midday and it will finish around 3pm. In case of bad weather, events will be organised indoors, but if the weather is good there will be a guided walk, tour around the farm and much more.

As an Irish Language event, everything will be organised through Irish. Families are askec to bring their own picnic and blankets with them.

All very welcome. Cost £2 per person.

We would prefer if families would register beforehand, and it is possible to do this by calling Caitríona in Glór na nGael 00353 (0)83 448 1999 or Joe at An Carn 028 7954 9978.

An Cloch Mhór ar Shliabh Mártain, Caisleán Ruairí, Co an Dúin | The Big Stone on Slieve Martin, Rostrevor, Co Down

An Cloch Mhór ar Shliabh Mártain, Caisleán Ruairí, Co an Dúin | The Big Stone on Slieve Martin, Rostrevor, Co Down

SIÚIL - Sliabh Mártain, Caisleán Ruairí 10-05-2015

Damian O Neill April 30, 2015

Beidh an grúpa cnocadoireachta, Siúil, ag dul go Sliabh Mártain i gCaisleán Ruairí Dé Domhnaigh 10 Bealtaine 2015. Cuirfear tús leis an tsiúlóid sa charrchlós in aice leis an chaifé i gCill Bhrónaí ar 12 meánlae. Siulfaidh muid ar an bhóithrín tríd an fhoraois chuig an charrchlós uachtair, a fhad leis an chloch mhór agus suas chuig mullach na sléibhe le radharc galánta ar chósta dheisceart an Dúin agus tuaisceart Lú a fheiceáil, chomh maith leis na sléibhte uilig i sliabhraon na mBeann Boirche. Más suim leat dul ann, déan teagmháil le: 

Damian in Oileán an Ghuail, Co Thír Eoghain  ag cairdeuineill@hotmail.com  nó ar 028 8774 1576 nó 07823773324  - Beidh daoine as ceantar Chairde Uí Néill ag imeacht carrchlóis Mhuileann an Choirce i lár Oileáin an Ghuail ag 10.30.r.n.

Seán in Ard Mhacha  ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.

The bilingual hillwalking group, Siúil, will visit Slieve Martin in Rostrevor, County Down on Sunday 10 May 2015. The walk will commence in the car park beside the café in Kilbroney Park at 12 noon. The walk will follow the road through the forest park to the upper carpark, up to the landmark big stone and on to the mountain summit where participants can enjoy spectacular views of the south Down and north Louth coasts, as well as most of the other mountains in the Mourne range. If you would like to take part in this walk, contact:

Damian in Coalisland, Co Tyrone at cairdeuineill@hotmail.com  or 028 8774 1576 or 07823773324 - People from the Cairde Uí Néill area will be deaparting from the Cornmill Carpark in the middle of Coalisland at 10.30am.

Seán in Armagh at  sean@cairdeteo.com or 028 3751 5229.

Deireadh Seachtaine Eachtraíocha i gCill Mhantáin

Damian O Neill April 30, 2015

Deireadh Seachtaine Eachtraíochta

do Theaghlaigh i gCipiúr, Co. Chill Mhantáin

Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á reáchtáil ag Glór na nGael do theaghlaigh Gaeilge ar an Aoine 15 agus an Satharn 16 Bealtaine 2015 in Ionad Eachtraíochta Chipiúr.  Lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin timpeall tríocha nóiméad ón M50/Tamhlacht agus caoga nóiméad ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, tá 240 acra talún ag an eastát faoi dhuilliúir agus aitinn.

Beidh réimse imeachtaí ar siúl le linn na deireadh seachtaine a bheidh oiriúnach d’aoisghrúpaí éagsúla ó pháistí óga go dtí déagóirí agus beidh rianóireacht agus cluichí foirne san áireamh.

De ghnáth, chosnódh an imeacht oíche amháin agus lá seo €50 an duine ach le lacáiste ó Ghlór, costnóidh sé €30 an duine.  Agus is féidir le teaghlaigh fanacht don dara oíche, oíche Shatharn, ar a gcostas féin de €35 ar leaba agus bricfeasta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Marcas Mac Ruairí, GLÓR +353 86 171 9755

ag marcas@glornangael.ie.

NÓTA: Reachtálfar an imeacht seo go hiomlán trí Ghaeilge.

 

Weekend of activities

for families with Irish in Kippure, Co. Wicklow

Glór na nGael is organising an adventure-filled weekend for families with Irish on 15 and 16 May 2015 in the Kippure Adventure Centre, Co. Wicklow.  Located in the Wicklow Mountains, the 240 acre estate is fifty minutes from the centre of Dublin and thirty minutes from the M50/Tallaght. 

The family weekend will feature a programme of activities suited to all age-groups from younger children to teens and will include team games and orienteering.
Normally costing €50 per person for one night stay and the following day’s activities, Glór will offer a discount to reduce the cost to €30.  And families will have the option of staying a second night at the additional cost of €35 for bed and breakfast.
Further information is available from Marcas Mac Ruairí, Glór na nGael at marcas@glornangael.ieor by phone on +353 86 171 9755.

This event will held solely through the medium of Irish.

Cúrsa Clainne Scoláireachtaí sa Ghaeltacht

Damian O Neill April 30, 2015

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scolaireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reachtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 18-25 Iúil 2015. Bronnfar  5 scolaireachtaí de luach €1000 an ceann agus 10 scolaireachtaí de luach €500 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA  GAELTACHTA 102.7FM gach lá ón Luan 11ú Bealtaine go Aoine 15ú Bealtaine.  Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scolaireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa,  ag 00 353 86 3048242 (ó thuaidh) nó 086 3048242 (ó dheas) nó galljoe@eircom.net

 

Foras na Gaeilge are providing  scholarships  to families wishing to attend a Family Course as Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co Donegal during the week 18-25 July 2015.

There are 5 scholarships worth €1000 each and 10 scholarships worth €500 each available to facilitate interested families attend the course. The scholarships are for families who have children in the All-Irish education sector.

All information on the course itself is available on www.piarsaigh.ie

The scholarships will be presented each day during the week 11-15 May 2015 on Cóisir Cheoil (16.10-17.00) on RTE RADIO NA GAELTACHTA 102.7FM.  They will be awarded by means of a TEXT-IN on that programme during the week in question.

Further information is available from Joe Ó Gallchóir at 00 353 86 3048242 (from the north) or 086 3048242 (from the south) or galljoe@eircom.net.

Tír Eoghain GAA Gaeltacht Scholarships 2015

Damian O Neill April 30, 2015

 

Tá scoláireachtaí ar fáil ó CLG Thír Eoghain do na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana. Gheobhaidh tú an fhoirm iarratais  anseo. Ní mór an fhoirm seo bheith comhlíonta agus curtha ar ais chuig Ceannáras CLG Thír Eoghain, Garbhachadh roimh 12 nóin Dé hAoine 15 Bealtaine 2015.

Scholarships are available from Tyrone GAA for the  Summer Colleges in the Gaeltacht this year. You will find the application form  here. The completed form must be returned to the Tyrone GAA Centre, Garvaghey by 12 noon on Friday 15th May 2015.

  • Blog
  • Older
  • Newer

*This sidebar is displayed on all blog pages. It will render on both the list and item views of each blog you create.

facebook

Nuachtlitir / Newsletter

Sínigh suas le do sheolamh ríomhphost agus glactar an nuacht agus an t-eolas is déanaí.

Sign up with your email address to receive news and updates.

Go Raibh Maith Agat! / Thank you!

Cairde Uí Néill

Teanga Bheo, Pobal Beo

Is carthanas é Cairde Uí Néill agus is iad príomhaidhmeanna an ghrúpa ná an Gaeloideachas agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú i measc pobail Oileáin an Ghuail agus Chluain Eo in Oirthir Thír Eoghain. 

Cairde Uí Néill | 3 Dungannon Rd, Northern Ireland, BT71, United Kingdom

facebook