Deireadh Seachtaine Teaghlaigh - An Carn

Great Activity Weekend in store for Irish-speaking families in Carntogher (Slaughtneil)

Tá deireadh seachtaine teaghlaigh eagraithe ag Glór na nGael in An Carn ón 31 Márta - 2 Aibreán 2017. Anuraidh bhí deireadh seachtaine lánGhaeilge iontach ann in An Carn agus tháinigh teaghlaigh ó BhÁC, ó Chontae Lú agus neart áiteanna eile. Tá muid ag tabhairt aghaidhe ar An Carn arís agus réimse imeachtaí iontacha beartaithe arís.

Tá gach eolas don deireadh seachtaine ar fáil anseo agus thig leat dul i dteagmháil le Sinéad chomh maith ar 07849394001 nó 00 353 83 4497443 le spás a chur in áirithe.

An scéim ab iomráití riamh! - Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa

Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa

Foirm iarratais - clicéail ar an nasc seo

Tugann na sparánachtaí deis do 100 duine ar aoiseanna éagsúla freastal ar ranganna Gaeilge le linn an tsamhraidh. Bíonn na ranganna seo á reáchtáil i réimse d'ionaid ar fud Dhún na nGall.

“Tá an scéim sparánachta dírithe ar na daoine sin a bhféadfadh sé nach bhfaigheadh siad deis, gan í, dul chun na Gaeltachta, agus tá sí oscailte do dhaoine de gach traidisiún agus cúlra.

“An dóigh is fearr le teanga ar bith a fhoghlaim ná tú féin a thumadh sa teanga sin. Cuireann na scoileanna samhraidh Gaeltachta ar chumas na mac léinn a bheith mar chuid de phobal Gaeilgeoirí. Comhcheanglaítear ranganna agus cairdeas le heispéireas saibhrithe a sholáthar do dhuine ar bith atá ag foghlaim na Gaeilge. Bíonn deiseanna ann le bualadh le comhfhoghlaimeoirí, le cluinstin faoina n-aistear féin agus le cairde úra a dhéanamh.

“Mar dhuine atá ag foghlaim Gaeilge, aithnímse na buntáistí iontacha a thagann le ham a chaitheamh i gceantar Gaeltachta – le bheith ag labhairt i nGaeilge agus ag éisteacht leis an teanga gach lá i ngnáthshuíomhanna laethúla. Aithním, áfach, gur féidir gur ualach airgeadais a bheadh ann agus is é sin an rud ar a bhfuil an scéim sparánachta dírithe.

“Cé nach bhfuil sé á reáchtáil ach le beagán de bhlianta, tchímid méadú ar an ráchairt ar an scéim sparánachta gach bliain. Tá sé oscailte do dhaoine atá cláraithe leis an Tionscnamh Líofa – breis agus 10,000 duine go dtí seo – rud a spreagann daoine le líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach.

“Guím gach aon rath ar na daoine sin atá ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta lena staidéar an samhradh seo agus ina dhiaidh sin.”