Turas go Gaeltacht Fhánada - Márta 2026

Fantastic Trip to Fanad - 6-8 Márta 2026

Chaith grúpa Gaeilgeoirí o Chairde Uí Néill am ar dóigh i nGaeltacht Fhánada (6-8 Márta) mar chuid dár gceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2026.

A group of Irish Language Learners and Speakers under the guidance of Cairde Uí Néill spent a great time in the Fanad Gaeltacht (6-8 March) as part of Seachtain na Gaeilge 2026 celebrations.

Inár gcéad thuras chun na Gaeltachta ón aimsir roimh na pandéime, thug muid sciuird ar cheann de na háiteanna is aille cois farraige ar an domhan. Tá an Ghaeltacht lonnaithe i dTuaisceart Fhánada agus bhí muid ann mar aíonna le Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr -grúpa iad atá i bhfeighil pleanála teanga sa Ghaeltacht bheag seo. Bhí muid ag stopadh i bPort a’tSalainn atá an-ghar don cheantar Gaeltachta agus thar an deireadh seachtaine, bhain muid an-sult as na Ciorcail comhrá, Tráth na gCeist, Turas Gaeilge fríd Theach Solais Fhánada, Siúlóid trí Ghaeilge ar Slí Cholm Cille, Bricfeasta agus Dinnéar le comhluadar Gaeilge agus Oíche mhór Ghaelach lán le hamhráin Gaeilge, ceol agus spraoi i dTeach Tábhairne an Tí Solais i gcroí-lár an cheantair Gaeltachta.

In our first Gaeltacht tour since before the pandemic, we made a weekend trip to one of the most beautiful coastal regions in the world. The official Gaeltacht is in the northern part of the Fanad Peninsula and we were guests of Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr - the group that oversees language planning for this small Gaeltacht. We stopped in Portsalon which is very close to the Gaeltacht region and over the weekend, we had a great time with the Language circles, Quiz, Irish Language Tour of the Famous Fanad Lighthouse, Guided Irish Language tour along the Slí Cholm Cille, Breakfast and Dinner in an Irish Language environment and a mighty night of music and song in the Lighthouse Tavern in the heart of Gaeltacht area on the edge of the sea.

Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh an aimsir galánta don deireadh seachtaine ar fad.

We were very lucky in that the weather was beautiful for the entire weekend.

D’eagraigh Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr faoi cheannais an tOifigeach Pleanála Teanga Róisín Ní Cheallacháin agus Breandán Ó Cuilinn cothabháil agus clár imeachtaí den chéad scoth ar fáil dár ngúpa agus ní bheidh dearmad déanta againn riamh cé chomh maith is a bhí an deireadh seachtaine seo.

We are particularly indebted to the Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr Language Planning Officer Róisín Ní Cheallacháin and to Breandán Ó Cuilinn for organising everything on the Fanad side of things and such a fantastic programme was enjoyed by our group - its a weekend that will never be forgotten.

Tá muid an-bhuíoch d’Iontaobhas Ultach agus The Community Fund as an mhaoiniú a chur siad ar fáil dúinn. Ní bheadh muid in ann ócáid mar seo a eagrú muna bhfuil an tacaíocht fial seo curtha ar fáil dúinn.

We are very thankful as well to the Ultach Trust and The Community Fund for the funding they provided us. We couldn’t have organised an event like this without their generous support.