SuathCnaGbeag.jpg

Feis Oileáin agus Cluaine (Coalisland/Clonoe Feis)  is an annual Irish language festival of verse, story, music and song that has been run by the Coalisland & Clonoe branch of the Gaelic League (Craobh Ruairí Mhic Easmuinn, Conradh na Gaeilge) since 1975.

Bígí linn agus cuidigh linn leis an Ghaeilge a chur chun cinn go háitiúil! Be involved and help promote the language locally.

This year, the 2024 Feis will take place in the following venues and on the following dates & start times:

Tuesday 5 March 2024 - Feis for Gaelscsoil Uí Néill - Venue: Ionad an Pharóiste, Oileán an Ghuail | Parochial Centre, Coalisland - Begins: 9.30am

Friday 22 March 2024 - Feis for local secondary schools - Venue: The Cornmill (1st Floor), Coalisland - Begins: 4.00pm

Deadline for entries for secondary level schools is Friday 15 March 2024. Note that all participants will be entitled to a Gaeltacht Summer Colleges Bursary.

Saturday 23 March 2024 - Feis for local Primary Schools (English medium) - Venue: Main Hall, St Josephs College, Coalisland Begins: 10.00am

Deadline for entries via each Primary school (English medium) is Thursday 14 March 2024 - The words and soundfiles for all the poems and stories both for each class are available below.

Go raibh míle maith agaibh uilig go léir!

Primary school (English medium) - Bunscoileanna (trí mheán an Bhéarla)

Poems and Stories for each class from  P1 to P7 below.

We hope both teachers and parents will find this resource helpful with their preparations for Feis 2024.

Go n-éirí libhse uilig!

Primary 1 Poem (RANG 1 DÁN)

Cé Thusa? 

Cé thusa?
Mise Róló.
Cad is maith leat?
Arán agus cócó.

Cé thusa?
Mise Pus Dubh.
Cad is maith leat?
Arán agus subh

Primary 1 Story (RANG 1 SCÉAL)

Rolo agus Pus Dubh

Sin é Róló.
Sin é Pus Dubh.
Tá Róló in a luí.
Tá Pus Dubh ina luí.
Tá Róló ina luí ar an mhata.
Tá Pus Dubh in a luí cois na tine.

Primary 2  Poem (Rang 2 Dán)

Rann

Tá póca ag Daidí
Is tá sé lán.
Tá císte ag Mamaí
I mbosca bán.

Tá bábóg ag Úna
I gcarr beag donn
Tá mála agamsa
Níl aon rud ann.

Primary 2 Story (Rang 2 Scéal)

Cat agus Éan

Tá éan ar an chrann. 
Tá cat faoin chrann.
“Mí,á,ú,” arsa an cat.
“Tar anuas.  Tar anuas.”
“Bí, bí, bí,” arsa an t-éan.
“Fanfaidh mé anseo.
Fanfaidh mé anseo.”

Primary 3 Poem (Rang 3 Dán)

Froganna Beaga Deasa

Froganna beaga deasa
Froganna beaga buí
Froganna beaga glasa
Is a mamaí ina luí.

Daidí frog ina sheasamh
Is bata ina lámh
Ag foghlaim do na páistí
Cad é an dóigh le snámh.

Primary 3 Story (Rang 3 Scéal)

Stad, feach , éist

“Stad, féach, éist,” arsa Mamaí le Teidí.
Níor stad Teidí.
Níor fhéach sé
Níor éist sé.
Rith sé amach ar an bhóthar.
Tháinig an bus.
Leag an bus é.
Teidí bocht!
Féach anois é!

Primary 4 Poem (Rang 4 Dan)

Titim na h-Oíche

Tá an oíche ag titim
Tá an ghrian ag dul faoi
Tá daoine ag filleadh                                                                    
Ar ais chun an tí.

Tá codladh is tuirse
Ar éan is ar uan
I gceann tamaillín eile
Beidh an saol ina shuan.

Primary 4 Story (Rang 4 Scéal)

Cat agus Hata

Bhí cat beag bán ina shuí ar stól.
Bhí hata ar an stól.
Thosaigh an cat ag imirt.
Bhuail sé an hata.
Thit an hata ar an urlár.
Léim an cat anuas den stól.
Léim sé thar an hata. 
Bhí greann ag an chat.
“Mí á ú, mí á ú,” arsa an cat,
Agus léim sé isteach sa hata.

Primary 5 Poem (Rang 5 Dán)

Seáinín

Tá bata ag Seáinín
Tá úlla ar an chrann
“Ó,” arsa Seáinín,
“Ba mhaith liomsa ceann.”

Chaith sé an bata
Suas ar an chrann
Ach tháinig an bata 
Anuas ar a cheann.

Níl Seáinín róshásta
Tá úlla ar an chrann
Níl aon rud ag Seáinín
Ach pian ina cheann.

Primary 5 Story (Rang 5 Scéal)

Lacha ag Snámh

Féach an lacha.
Tá sí ag snámh.
Tá sí ag snámh sa loch.
“Bhac,bhac,” arsa an lacha.
“Is maith liom a bheith ag snámh.”
Féach an cat.
Níl an cat ag snámh.
Tá an cat ina luí cois na tine.
“Mí á ú,” arsa an cat.
“Ní maith liom a bheith ag snámh.
Is maith liom a bheith i mo luí cois na tine.

Primary 6 Poem (Rang 6 Dán)

Seán agus An Dall

Bhí an seanfhear dall
Ar thaobh cosáin
Ag seinm ceoil
Ar a fheadóg stáin.

Cé tháinig anuas 
An tsráid ach Seán
Agus airgead aige
Le haghaidh milseán.

Chonaic Seán an dall
Ansin os a chomhair
Agus ghlac sé trua
Don seancheoltóir.

Ní dhearna sé stad
Ach shiúil se anonn
Agus thug sé an t-airgead
Don seanfhear dall.

Primary 6 Story (Rang 6 Scéal)

Luchóg

Bhí luchóg sa chistín aréir.
Bhí poll beag ar an bhalla.
Tháinig an luchóg isteach.
Bhí arán agus im ar an tábla.
Chuaigh an luchóg suas ar an tábla.
Rinne sí poll san arán.
D’ith sí an t-im.
“Bhí an t-im sin maith,” arsa an luchóg.                                
Agus chonaic sí an cat ina luí ag an tine agus rith sí amach.

Primary 7 Poem (Rang 7 Dán)

Éirígí a Pháistí

Éirígí , a pháistí!
Amach linn faoin aer;
Tá an ghrian gheal ag taitneamh,
Níl scamall sa spear.

Tá gaoth bhog ag séideadh
Thar cnoc agus gleann,
Tá duilleoga ag damhsa
Ar sceach is ar chrann.

Tá úlla is sméara
Go tiubh ar gach craobh,
Tá bláthanna geala
Ag fás ar gach taobh.

Éirígí, a pháistí!
Amach linn faoin aer
Chun aoibhneas a bhaint
As an áilleacht go léir.

Primary 7 Story (Rang 7 Scéal)

Mirlín Briste

Bhí mirlín gloine ag Síle,
D’fhág sí an mirlín ar an tábla sa chistin.
Chuaigh sí amach.
Tháinig an cat isteach sa chistin.
Léim sé suas ar an tábla.
Thosaigh sé ag imirt leis an mhirlín
Ach thit an mirlín ar an urlár agus briseadh é
Rith an cat amach.
Tháinig Síle isteach sa chistin.
“Cá bhfuil an mirlín gloine?” arsa Síle.
D’amharc sí ar an tábla.
D’amharc sí faoin tábla.
Ansin chonaic sí na píosaí beaga ar an urlár.
Síle bhocht! Thosaigh sí ag gol.