Cairde Uí Néill

Teanga Bheo, Pobal Beo
  • Gaeilge
    • Blog
    • Fúinn
    • Gailearaí
    • Feis 2025
  • English
    • Gallery
    • About Us
    • Feis 2020
    • Blog
    • Blog
    • Fúinn
    • Gailearaí
    • Feis 2025
    • Gallery
    • About Us
    • Feis 2020
    • Blog

Blog

  • Blog
  • Fúinn
  • Gailearaí
  • Feis 2025
  • All
  • Events

Comóradh 200 bliain ar an Chruitire Ghaelach ART Ó NÉILL (c.1734-1816)

Damian O Neill June 28, 2016

Tá Cumann Stair Dúiche Néill ag eagrú Comóradh 200 bliain ar an Chruitire dall Art Ó Néill Dé Sathairn beag seo i bPrióreacht na Seirbhíteach, Binn Bhorb.  Gheofar an chlár anseo.

Dúiche Néill Historical Society are organising a 200 year Commemoration on the blind harper Art O'Neill this Saturday in the Servite Priory, Benburb. Programme available here.

 

Is eiseamláir é Art Dall Ó Néill (+1816) dá raibh fágtha de réimeas na nGael beagnach

dhá chéad bliain ó shin. Bhí an cláirseoir dall seo ar an duine deireanach

de chláirseoirí traidisiúnta na hÉireann. Cé gur minic a bhronntar an clú ar fad ar Ó

Cearbhalláin, is ag Ó Néill a bhí an saineolas ab fhearr ar chláirseoireacht ársa na hÉireann

agus ba é Art Dall ba mhó a chuidigh le buanú an traidisiúin cheoil seo, rud atá curtha in iúl

ag scoláirí agus ag ceoleolaithe ar nós Edward Bunting, F.J. Biggar, Donal O’Sullivan and

Breandán Ó Buachalla.

Rugadh Ó Néill i nDroim na Sráide in aice le Dún Geanainn sa bhliain 1734, chaill sé

radharc na súl ina óige agus d’fhoghlaim a cheird ag Eoin Ó Cianáin, cláirseoir dall

eile. Faoin am a raibh sé go mall sna déaga, bhí ceithre hairde na hÉireann siúlta aige,

pátrúnacht agus cóir aige ó Mhuircheartach, Ó Súilleabháin Bearra, Shéarlas Ó Conchúir

Donn i mBéal Átha na gCarr, Conchúr Ó Dónaill i gCeathrú Mhic Oireacht, Co. Liatroma, mar

aon le muintir de Brún, iarlaí Neidín. Bhí sé páirteach sna tionóil chruitireachta ag

Gránard (1781, 1782 agus 1785), ag baint duaiseanna sa chéad áit agus sa dara háit

dá leagan de ‘Coillte Glasa na Triúcha’ agus ‘Miss Crofton’ de chuid Uí Chearbhalláin.

Ceapadh ina Ollamh ina dhiaidh sin ar Cheol na Cláirsí ag Cumann Cláirsí Bhéal Feirste in

1808 ar thuarastal £30 sa bhliain. Mhúin sé an chláirseach do bhuachaillí agus do chailíní

dalla. Is é Tomás Ó hAodha, rúnaí pearsanta ag Edward Bunting, a bhreac

Memoirs of Arthur O Neill díreach ó bhéal an chláirseora chlúitigh agus tugtar cuntas iontach dá

bheatha, dá chuid taistil agus dá dhearcadh polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha ann.

(Foinse: Éigse Cholm Cille, 2016)

 

Arthur O’Neill (+1816), is an exemplar of what remained of the Gaelic order around two

hundred years ago. The blind harpist was the last of the traditional Irish harpers. While

Carolan has tended to capture the accolades, O’Neill possessed the greatest knowledge

of the venerable tradition of ancient Irish  harping and was the person most responsible

for its survival, a fact attested by a coterie of Irish scholars and musicologists including

Edward Bunting, F.J. Biggar, Donal O’Sullivan and Breandán Ó Buachalla.

Born at Drumnastrade, near Dungannon in 1734, he lost his sight as a child and learned

his craft from Owen Keenan, another blind  harper. By his late teens, he had traversed

the four provinces of Ireland, enjoying the patronage and hospitality of Murtagh

O’Sullivan Beare, Charles O’Conor Don of Ballinagare, Conor O’Donnell of Larkfield,

Co. Leitrim, as well as the Browne earls of Kenmare. He participated in successive harp

colloquia at Granard (1781, 1782 and 1785), winning the first and second prizes for his rendition

of ‘Coillte Glasa na Triúcha’ and Carolan’s ‘Miss Crofton’. Subsequently appointed

Professor of Harp Music by the Belfast Harp Society in 1808 on a stipend of £30 per annum,

he taught ancient harp music to blind boys and girls. Thomas Hughes, Edward Bunting’s private

secretary, wrote the Memoirs of Arthur O Neill from the venerable harpist’s own dictation and it

provides a fascinating account of his life,  travels and political, social and cultural mind-set.

(Source: Éigse Cholm Cille 2016)

Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill 2016 i gCaisleán Uidhlín

Damian O Neill June 27, 2016

Féile Charn Tóchair 2016

Damian O Neill June 27, 2016

Faigh anseo clár imeachtaí d'Fhéile Charn Tóchair 2016. Cuirfear fearaibh na fáilte roimh chách.

Find here the Programme of events for Féile Charn Tóchiar. Everyone very welcome.

 

 

Cúrsa Ghaeltacht Thír Eoghain 2016 - Turas

Damian O Neill June 27, 2016

CÚRSA GAEILGE SHÉAMUIS DE FAOITE 2016 - CLG ULADH

Damian O Neill June 21, 2016

Cúrsa Gaeilge saor in aisce do bhaill CLG | Free Irish Language Course for GAA members

Eolas ar an chúrsa | Course Information

Teachtaireacht ó Rúnaí an Chúrsa | Message from the Course Secretary

A chairde

Ar eagla nach bhfuair sibh foirm iarratais don Chúrsa Cuimhneacháin Shéamuis De Faoite na Dúnaibh 2016, tá foirm leictreonach mar cheangaltán leis an teachtaireacht seo. Brúigh anseo . Iarraimid ar gach duine cóip chrua den fhoirm iarratais a chomhlánú.  Mura bhfuil cóip chrua agat, is leor chóip leictreonach a chur chugam ag s3amusmgp@gmail.com go dtí go mbeidh sibh sna Dúnaibh.
Mura bhfuil an t-iarratas againn roimh thús an chúrsa bíonn sé deacair freastal ar gach aon duine.  Cuidíonn an fhoirm iarratais linn an phleanáil mar gheall ar ranganna a dhéanamh.

In case you haven't received an applicataion form for the 2016 Ulster GAA Séamuis de Faoite Irish Language Course in the Downings, you will find one as an attachment with this message. Press here . We ask everyone to fill in a hard copy application form but if you haven't received one, please fill in the electronic version and send it to me at s3amusmgp@gmail.com.  You will receive a hard copy in Downings. If we don't have your application before the beginning of the course, it is difficult to plan for everyone, especially in relation to the provision of classes at different levels.
 

Beirigí bua

Séamus Mac Giolla Phádraig

  • Blog
  • Older
  • Newer

*This sidebar is displayed on all blog pages. It will render on both the list and item views of each blog you create.

facebook

Nuachtlitir / Newsletter

Sínigh suas le do sheolamh ríomhphost agus glactar an nuacht agus an t-eolas is déanaí.

Sign up with your email address to receive news and updates.

Go Raibh Maith Agat! / Thank you!

Cairde Uí Néill

Teanga Bheo, Pobal Beo

Is carthanas é Cairde Uí Néill agus is iad príomhaidhmeanna an ghrúpa ná an Gaeloideachas agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú i measc pobail Oileáin an Ghuail agus Chluain Eo in Oirthir Thír Eoghain. 

Cairde Uí Néill | 3 Dungannon Rd, Northern Ireland, BT71, United Kingdom

facebook